top of page

Ráiteas Misin

Is scoil Chaitliceach, chomhoideachais muid ag iarraidh éiteas comhbhách a chur chun cinn ar fud phobal na scoile.

Trí chaidrimh dhearfacha agus shlána a fhorbairt, laistigh agus lasmuigh den seomra ranga, cruthaímid an deis dár leanaí rathú i dtimpeallacht shaibhir agus éagsúil.

Agus é seo á bhaint amach againn aithnímid gur ball luachmhar uathúil de phobal Dé é gach páiste

Aidhmeanna


Inár n-éiteas grámhar Caitliceach tá sé mar aidhm againn,

  • Forbairt spioradálta, mhorálta, chultúrtha, intleachtúil agus fhisiciúil ár ndaltaí a chur chun cinn.

  • Feasacht a thabhairt do gach dalta ar ac(h)uid buanna, scileanna agus inniúlachtaí.

  • Deiseanna a chur ar fáil do dhaltaí rath a bhaint amach i gcomhthéacsanna éagsúla, ag cothú féinmheas agus féiníomhá dhearfach.

  • Grá don fhoghlaim a chruthú, eolas ar an gcaoi le foghlaim, agus an spreagadh chun ac(h)uid oibre is fearr a tháirgeadh.

  • Curaclam leathan cothrom a sholáthar a oireann do riachtanais gach dalta ag a c(h)uid forbartha.

  • Dearcadh a fhorbairt as a dtagann féinsmacht, neamhspleáchas, cúirtéis, dea-bhéasa agus meas ar gach duine.

  • Tuiscint níos leithne a fhorbairt ar an domhan mór ina mairimid, ar idirspleáchas daoine aonair, grúpaí agus náisiúin, agus caoinfhulaingt ar reiligiúin agus ar shlite beatha eile.

  • Dlúthchaidreamh a chothú agus a fhorbairt idir an baile, an scoil agus an pobal.

bottom of page